-
49] Díth Illuinn aidhedh mo mhacc
50] bás Cesra co n-gili glacc
51] mó rom-chráidh ó sin immach
52] m' adhaigh ar Ess Rúaidh rónach
-
53] Ar ndíth Ladra is Bethadh binn
54] ar n-dubhdortadh don dílinn
55] rom-chuir in Coimdhe dom chrádh
56] h-i richt égne ar gach n-úarán
-
57] Fa gairit limm beth ar Bóinn
58] ar toidhecht dom dar muir móir
59] ar Búais ar Banna ar Bru duinn
60] ar Succu ar Súir ar Sinainn
-
61] Ar Sláine is ar Life thoir
62] ar Maigh 's ar Ethne findgloin
63] ar Múaidh ar Modhuirn ar Muir
64] ar Soláin ar Láigh ar Leamhuin
-
65] Ar Sinuinn ar Dáeil 's ar Duibh
66] ar Sligech 's ar sruth Munuidh
67] gu ticcinn gan lén ille
68] go hess inbir na hÉrne
-
69] Adhaigh dhamh ar in tuinn túaidh
70] ocus mé ar Ess rónach Rúaidh
71] ní fúarus adhaigh mar sain
72] ó thús co deiredh domain
-
73] Nír fétus anadh fon ess
74] berim léim nirb é mo les
75] ticc in t-aighredh mur ghlain n-guirmm
76] etromm is Ess meic Modhuirn
-
77] Tic préchán a h-Accuill úair
78] ós cionn inbir Essa Rúaidh
79] ní biu 'ca chelt cidh fáth rúin
80] do fúadhaigh leis mo lethsúil
-
81] Goll Essa Rúaid do lean dím
82] ón adhaigh-sin borb a brígh
83] atú gan mo tsúil ó h-soín
84] nem-ingnadh dúinn beith arsaid.
Ars.
-
97] Searb a cana a mir-eóin móir
98] binne cach fethim co fóill
99] do-ghén-su osa mé is míne
100] comrádh ar mo choimdíne
-
101] Cúig cét bliadhan dam-sa am gholl
102] am égni tháeib-leaphur thromm
103] ar lochaib ar aibnib sain
104] ar gach muir saidhbir sruth-ghlain
-
105] Cóeca bliadhan mé amm ilar
106] tercc éun do dénad minadh,
107] iss cét bliadhan damh fa muirn
108] am séghdha h-seabaic h-súl-ghuirm
-
109] Gur mithidh le rígh n-gréne
110] mo chur am richt budhéine
111] ca fuighinn ní bud fiú sain
112] acht cé tú indiu co harsaidh.
Ars.
-
113] Ó ré Sláinghe mheic Dhela
114] cét-rígh Fódla fúair fledha
115] co linn Láeghuiri mheic Néill
116] co toidhecht Phátruic phenn-réidh
-
117] Is mé fa hairdbrethim binn
118] da gach rígh dar' ghab h-Érinn
119] mé do roinn gach crích co cain
120] accu gan fích gan fogail
-
121] Trí chét bliadhan gan temeal
122] óigi m' áisse fa dheriuth
123] re linn mo dalta gan táir
124] Illainn sgíamaigh mheic Sgannláin
-
125] Gan temheal choidhchi ar mo chuirm
126] nír sgar mo macrad ré muirn
127] cách aca n-díl riam a m-brugh
128] gan chrínadh criadh ná chomluth
-
129] Beg co bás Illainn gach ní
130] min gach díth gur cláechlódh lí
131] crín anocht mo chalann chain
132] fír a canam, cid arsaid.
Ars.
-
133] A eóin, is arsaidh do chlúmh
134] ó dho léiges rit mo rún
135] inniss dúinni tré rechtaibh
136] blogh ale dott imthechtaib
-
137] Atá accom duit uile
138] a mheic Bóchra barr-buidhe
139] fiss gach catha cenn a ceand
140] da tucodh i n-iath Hérenn
-
141] A cath Muighi Turith thiar
142] h-i Cunga nír chlódh mo chiall
143] do bídh a mheic ger mhór in ail
144] fuil do chlainne fam chrobaib
-
145] Ann torchair do dá mac dég
146] 'ga faigsin adhbul in béd
147] do chognus da gach géig úir
148] lám nó leth=choss nó leth- súil
-
149] Do-chúadhus turus budh sía
150] assin Chunga nertmur níadh
151] i n-deguidh Eochaidh mic Eircc
152] co Tráigh n-Eóthuili n-oirdheircc
-
153] Tar éis uisci d' ól don rígh
154] turus nachar búadach brígh
155] do chomthuit issin chath chrúaid
156] iss clann Nemidh co nert-búaidh
-
157] Ar n-inntódh chum in chatha
158] doconncus ní réim ratha
159] ó Chunga co Sruthair sair
160] lán do chorpaib 'na cossair
-
161] Ar n-dul damh a mescc ind áir
162] do-chím dom leth-táeib an láim
163] fainne don derg-ór mar fuil
164] fa gach énmér da méraib
-
165] A l-láechdacht fa lór a mét
166] iss mairg dar gerradh in ghég
167] a cáeimhe 's a fad 's a fedh
168] derge ocus áille a h-ingean
-
169] Muinchille sreabnaidhe sróill
170] is muinchille inair óir
171] do bí uimpi ar a muin-sin
172] fedh na láime don lúirig
-
173] Tógbaim hí 's nírb fann in treóir
174] in lám itir fuil is feóil
175] berim lim fa h-anba in fedh
176] go Druim Ibair na n-inber
-
177] Lám Núadhat do fúarus ann
178] airdrígh Thúaithe Dé
Danann,
179] secht m-bliadhna di a n-adhba m' én
180] ac sin a Fintain ursgél
-
221] Trícha mac ocus dá mac
222] ac Mílid co n-gile n-glacc
223] ní ráinic díb demin linn
224] acht óenseiser co h-Éirinn
-
225] Ar tocht a h-Espáin in áigh
226] ochtur derbráithrech don dháim
227] do báidedh h-Ír is Dunn dil
228] ar muir úathmuir ilpíastaigh
-
229] Do thuccsat cath Tailltin tall
230] maróen is Túatha Dé Dhanann
231] 'ar n-díth clainni Cermuit crúaidh
232] le clannuib Míled mong-rúaid
-
233] Do roinnsit Banbha gan brón
234] Émer ocus Érimón
235] co tánaic úabur a m-ban
236] bliadhain gan chreich gan chogadh
-
237] Do ráidh ben Éirimóin na cath
238] mun budh le druimm cáein Cesrach
239] Druimm Bethi Druim b-Fingin finn
240] nach biath áen-oidhchi i n-Érinn
-
241] Ainm dílis gacha druimmni
242] budh búan am chridhe a chuimni
243] Tír Maine is Cnoc Medha mór
244] is Cenn Mara gan cláechlódh
-
245] Torchuir Émear anba in fer
246] le h-Érimón mac Míled
247] fúair a Túaith Ghéisil a ghuin
248] 'sa maitin ar Muigh Smerthuin
-
249] Ó Éremón anba in rath
250] co Conuing meann m-boc-foclach
251] do bí Ére 'na tuinn técht
252] gan olcc gan feall gan ainécht
-
253] Do bámar lá hi Temraig thoir
254] re tóeb Echach tind tolccoigh
255] a Múr Tea i n-aitreb thair
256] rissi n-abur tra Temair
-
257] Glúaisis Conuing a Temraigh
258] ocus a slúaigh 'na lenmain
259] co h-áenuch Dromma Léith láin
260] maithi Midhe 'na mhór-dháil
-
261] Mar do bhámar i n-Druimm Léith
262] slúaigh Innsi Fáil fir nár tréith
263] co facamar in fer mór
264] cucuinn ag techt 'nar tinól
-
265] Beirt ghlé-gheal mun gillu mór
266] sí arna h-úaim ule d' ór
267] do faluigh oirn in gréin n-glain
268] a sgáile ac tocht co Temraigh
-
269] Cráeb thoruidh i l-láim in láeich
270] maith a boludh glan re gáeith
271] do bí ar in cráeib-sin chena
272] cnái ublu ocus áirnedha
-
273] Dergbuidhe nán t-ór a folt
274] gile ná cubur a chorp
275] iss h-é iss áille at-chonnucc ann
276] da táinicc i n-íath h-Éreann
-
277] Suidhiss accuinn amra in rádh
278] ticcmait ule da ghnúis grádh
279] laphruiss re Conaing na cath
280] assin bérla glan ghrécach
-
281] Cé thussa a láeich iss lór mét
282] laphrus bérla na fer n-Grécc
283] inniss dúinn co fír a bus
284] ca tír a fuil t' urradhus
-
285] Is missi Tréfuilngidh trén
286] a airdrígh nime na néll
287] iss ass tánagus anair
288] a parrthus a purt Ádhaimh
-
289] Uidhe is faite ná sin síar
290] nochon tairinn go gnáth-ghrían
291] nochon fuil feronn ná fód
292] táeb thíar do Dún Mo Cháemóg
-
293] Do siublus-sa in cruinne
294] ó tháeb leabhar gach thuinne
295] nochur fácbus treab ná tonn
296] acht in tír si gan todholl
-
297] Don doman iss tairsech tair
298] parrthus port chlainne hÁdhaim
299] tairrsech talman tíar ón tuinn
300] Iniss Glúair baile Brénuinn
-
301] Do ráidh Conuing fa rádh gann
302] nochon fétfamaeis t' fulang
303] ar romét do sátha thair
304] a Thréfuilngid trén-foclaig
-
305] Do ráidh Tréfuilngid na tráth
306] ni beg limm do biadh gu bráth
307] balad mo chráibi cáimhe
308] gach n-énlá 's gach n-énaidhche
-
309] An chráeb-so at-chíthi im láim
310] sásadh d'feruib h-í 's do mnáib
311] fóirid a búadha gin ghus
312] fúacht iss íta iss occurus
-
313] Da caithea iss t' agaid fathúaid
314] torad in chraind-si fo búaidh
315] in t-arracht ghlacus h-í de
316] téit a n-óicce assa h-aithle
-
317] Da caithea iss t' agaid budess
318] torad in chrainn-si fo mess
319] ní h-egail duit galar drenn
320] i céin mairius in draigheann
-
321] Trí lá dó hi Temraig na trét
322] a comrádh bind nocho brég
323] co táinic slúagh finn fuinidh
324] hi n-óen-fecht da innsaighidh
-
325] Ceilibhraiss d' feruibh Fódla
326] glúaissis na réim rochródha
327] fágbais don chráib nar tír thall
328] cnú is áirne is uball
-
329] Meissi do thóguib in mess
330] iss do chuiris é rem chress
331] noco tairnicc limm a chur
332] nochon fúair nech mo báeghul
-
333] Cuirim-si na trí toraidh
334] táinic chucuind d' ar cobair
335] Eó Rossa cráeb Mughna móir
336] bile Tortan in trom-slóigh
-
337] Ac sin duit a h-sebuic h-suairc
338] sgél bec comuinn ar do chúairt
339] ar in máil-finn n-gel-bláith n- glain
340] mun senráith áibinn arsaidh.
Ars.
-
345] A n-aimsir Chonchobair chaéim
346] fa mór m' allud ocus m' aéib
347] ac sibul chnocc ocus glenn
348] fam rí ar énlaith Érenn
-
349] Ar tháibleóir Trágha Bale
350] tarrla m' úid ocus m' aire
351] fer cúarta gacha cúaine
352] Cúchulainn na Cráebrúaide
-
353] An úair do thuit 'sa mebail
354] Cú Rúi rí Clainne Deghuidh
355] do chaithius mo sáith da fuil
356] arna thuitimm 'san imghuin
-
357] An úair do thuit Garb mac Sdairn
358] leisin Choin do bíathad baidhb
359] dá súil in Grégaig co n- gnái
360] do chaithius a tús degh-lái
-
361] Menicc fúarus feóil is faidhb
362] ó Náissi fa nimnech airmm
363] nír chaithius a feóil ná a fuil
364] ar a feabus a n-imghuin
-
365] Tarrla chucum-sa cenn Cet
366] tar éis a ghona 's a ghlecc
367] do bud grimm dásachtach dhamh
368] tarmmuirt a súil mo thachtadh
-
369] Do chaithius fa h-anba a mét
370] corpán Monodhair meic Cécht
371] fúarus mór corp druimm ar dhruimm
372] ó láim choscuraig Chonuill
-
373] Ó deabuigh nocha dechuith
374] in gcén ro búi 'na bethaid
375] do bídh na h-aibni lán d' fuil
376] ón Chúlglaiss Chonaill Chernaig
-
377] Fa hé in mílid 'sa mét móir
378] Fergus roghasta mac Róigh
379] fer comlainn cét crúaid a ghal
380] ó faghuinn feóil is fulrad
-
381] Fa mana glíadh iss gábaidh
382] a n-diaigh in t-slúaigh ar Tánuidh
383] lór a déne 's a demne
384] breisslech Muighe Murthemne
-
385] Tar éis ar marb Cú na cles.
386] nír sguir gur cirrbad a chnes
387] do bí a agaid lán da fuil
388] 's a dhruimm re cairthe in chumpuir
-
389] Tánac ós cinn in churad
390] ocus a drech ar n-dubad
391] d' ithi a súla nír thoisc áigh
392] crumaim mo chend 'sa chongháir
-
393] Mothaighis mé ar a agaid
394] tógbais súas in láim lagaig
395] cuiris a chletín curad
396] trem cholainn don chéttulad
-
397] Berim-si eteall angbaid
398] co h-Inis Géidh dar glennmuir
399] tairrngim assamm borb an brígh
400] crann crúaid-righin in chletín
-
401] Anaidh am cholainn in cenn
402] mo chraidhe do chráidh go tend
403] co slán ní fuilimm ó h-soin
404] 's ní cheilim ótú arsaid.
Arsaid sin.
-
405] Mé do marb mór na sgéla
406] óenchorr do bí ar Muigh Léna
407] ocus ilar Droma Bricc
408] do thuit lim 'san áth oirdirc
-
409] Mé do marb súaircc in sére
410] énchorr Innsi guirm Géidhe
411] iss mé do choguin fam chír
412] dá én lán-méthi Léithín
-
413] Is mé do marb ríghda in rúaig
414] Dubchosach seng Slébe Fúait
415] lon Droma Seghsa na sreb
416] fúair bás i crobaib m' ingean
-
417] Re linn Logha láech gan lén
418] do-berinn co hadhba m' én
419] am chrobaib síar gan sínedh
420] cuirp curadh nó cathmíledh
-
421] I ré Iúghaine co m-búaid
422] dam-sa ro budh croib-nert crúaid
423] tar gach gort is tar gach n-glinn
424] torc na bliadna do-berinn
-
425] Re linn Chuinn Chétchathaig cháim
426] fa mór m' allud ocus m' áib
427] do-berinn lim a cíana
428] báethán lúath na leth-bliadna
-
429] I n-aimsir Chormaic meic Airt
430] dam-sa fa feidm fuillmech failc
431] do thógbuinn in muc nó in banb
432] co h-eturuhasach aggarb
-
433] Do sírinn Midhe co l-lí
434] resiu do-chúaid sair Dathí
435] da gach táib do Themraig tair
436] i l-lenmuin in láeigh allaidh