1. Cóica rand rogab in ben a tírib ingnath
for láur in tige do Bran mac Febail,
arrobói a rígthech lán de rígaib, annadfetatar can dolluid in ben, órobatar
ind
liss dúntai.
2. Is ed tossach in sceóil. Imluid Bran laa n-and a óinur i
comocus dia dún,
cocúala a ceól íarna chúl. A n-donécad tar a éissi, ba íarna
chúl beus nobíth a
ceól. Contuil asendath frissa ceól ar a bindi. A n-dofúsig
asa chotlud, conacca
in cróib n-arggait fua bláth ind ina arruth, na bu hasse
etarscarath a
bláthe frissin cróib ísin. Dobert íarum Bran in cróib ina láim
dia rigthig.
Órobatar inna sochuidi isind rígthig conaccatar in mnái i n-étuch
ingnuth for láur
in tige. Is and cachain in cóicait rand so do Braun arranchúale in
slog, ocus
adchondarcatar uili in mnái.
Ocus asbert:
3. 'Cróib dind abaill a hEmain
dofed samail do gnáthaib
gésci findarggait fora,
abrait glano co m-bláthaib.
4. 'Fil inis i n-eterchéin
immataitnet gabra réin,
rith find fris' tóibgel tondat,
cetheóir cossa foslongat.
5. 'Is lí súla, sreth íar m-búaid,
am-mag forclechtat int Aelúaig:
consna curach fri carpat
isin maig tess Findarggat.
6. 'Cossa findrune fóe,
taitni tré bithu gnóe:
cáin tír tría bithu bátha,
forsnig inna hilblátha.
7. 'Fil and bile co m-bláthaib
forsñgairet eóin do thráthaib:
is tré cocetul is gnáth
congairet uili cech tráth.
8. 'Taitnet líga cech datho
trésna maige móithgretho,
is gnáth sube, sreth imm chéul,
isin maig tess Arggatnéul.
9. 'Ní gnáth écóiniud na mrath
hi mruig dénta etargnath,
ní bíi nach gargg fri crúais,
acht mad céul m-bind frismben clúais.
10. 'Cen brón, cen duba, cen bás,
cen nach n-galar cen indgás,
is ed etargne n-Emne,
ní comtig a comamre.
11. 'Cáine tíre adamri,
ata comgnúsi cadli,
asa rodarc find fia,
ní fríthid bíd a cia.
12. 'Má adcetha Airchthech íar tain
forsnig dracoin ocus glain
dosnig am-muir fri tír toind,
trilsi glano asa moing.
13. 'Móini, dússi cach datho
hi Ciúin, cáine étatho,
étsecht fri céul co m-bindi,
óol fíno óingrindi.
14. 'Carpait órdi hi Maig Réin,
taircet la tule don gréin,
carpait arggait i Maig Mon
ocus crédumi cen on.
15. 'Graig óir budi and fri srath
graig aile co corcardath,
graig aile ualann tar ais
co n-dath nime hulegais.
16. 'Dofeith la turchbáil n-gréne
fer find forosna réde,
rédid mag find frismbein muir,
mescid fairggi co m-bí fuil.
17. 'Dofeith in slúag tar muir glan,
don tír donaidbri imram,
imráid íarum dond licc léur
asa comérig cét céul.
18. 'Canid airbitiud dont Aelóg
tré bithu sír, nat bí tróg,
tormaig céul co córib cét,
ní frescet aithbe ná éc.
19. 'Emne ildebach fri rían,
bésu ocus, bésu chían,
i fil ilmíli m-brec m-ban,
immustimerchel muir glan.
20. 'Má ruchúala lúad in chiúil,
esnach énán a hImchiúin,
dofeith banchorén di haa
cusa cluchemag itaa.
21. 'Dofeith sóire la sláini
don tír frisferat gáiri,
is i n-Imchiúin cach ági
dofeith búaine la háni.
22. 'Is lá suthaine síne
dosnig arggat i tíre,
aill erfind for idna réin
foafeid a gríss a gréin.
23. 'Graibnid in slóg íar Maig zmon,
cluche n-álaind, nad indron,
i mruig mrecht úas maisse mét,
ní frescat aithbe ná éc.
24. 'Étsecht fri céul i n-adig,
ocus techt i n-Ildathig,
mruig mrecht, líg úas maisse mind,
asa taitni in nél find.
25. 'Fil trí cóictea inse cían
isind oceon frinn aníar;
is mó Érinn co fa dí
cach ái díib nó fa thrí.
26. 'Ticfa már-gein íar m-bethaib
nad bía for a forclethaib,
mac mná nad festar céle,
gébid flaith na n-ilmíle.
27. 'Flaith cen tossach cen forcenn,
dorúasat bith co forban,
isai talam ocus muir,
is mairgg bías fua étuil.
28. 'Is hé dorigni nime,
céinmair dia m-ba findchride,
glanfid slúagu fua linn glan,
is hé ícfes for tedman.
29. 'Ní dúib uili mo labre,
cia atfess a móramre;
étsed Bran de betho bróu
a n-di ecnæ adfét dóu.
30. 'Ná tuit fri lige lesce,
nachit-tróithad do mesce,
tinscan imram tar muir glan,
dús in rista tír na m-ban.'
31. Luid in ben úadib íarom annadfetatar cia luid, ocus birt a cróib
lee. Leblaing
in chróib di láim Brain co m-bói for láim inna mná, ocus ní bói nert i láim
Brain
do gabáil inna cróibe.
32. Luid Bran íarom arabárach for muir. Trí nonbuir a lín. Óin∫er
forsnaib
tríb nonburaib dia chomaltaib ocus comáisib. Ó robói dá lá ocus dí
aidchi forsin
muir, conacci a dochum in fer isin charput íarsin muir. Canaid in fer hísin
dano
trichait rand n-aile dóu, ocus sloindsi dóu ocus asbert ba hé anannán mac
Lir, ocus
asbert bói aire tuidecht i n-êrinn íar n-aim-seraib cíanaib, ocus nogigned
mac úad
.i. Mongán mac Fíachnai, ised foridmbíad. Cachain íarom in trichait
rand sa dóu:--
33. 'Cáine amre lasin m-Bran
ina churchán tar muir glan;
os mé im' charput di chéin,
is mag scothach immaréid.
34. 'A n-as muir glan
don nói broinig itá Bran,
is mag meld co n-immut scoth
dam-sa a carput dá roth.
35. 'Atchí Bran
lín tond tibri tar muir glan:
atchíu cadéin i Maig Mon
scotha cennderga cen on.
36. 'Taitnet gabra lir i sam
sella roisc ro aíri Bran,
bruindit srotha srúaim de mil,
i crích Manannáin maic Lir.
37. 'Lí na fairgge foratái,
geldod mora immerái,
rasert bude ocus glass,
is talam, nad écomrass.
38. 'Lingit ich bricc ass de brú
a muir find forsnaicci-siu,
it lóig, it úain co n-dath,
co cairddi, cen immarbad.
39. 'Cé atchetha óinchairptech
i Maig Meld co n-immut scoth,
fil mór d'echaib for a brú,
cen suidi nad aicci-siu.
40. 'Mét in maige, lín int Aelúaig,
taitnet líga co n-glanbúaid,
findaeruth arggait, drepa óir,
taircet fáilti cech imróill.
41. 'Cluche n-óimin n-inmeldag
aigdit fri nín n-imborbag
fir is mná míne fo doss,
cen peccad, cen immorboss.
42. 'Is íar m-barr edo rosná
do churchán tar indrada,
fil fid fo mess i m-bí gnóe
foa braini do beccnóe.
43. 'Fid co m-bláth ocus torud
forsmbí fíne fírbolud,
fid cen erchre, cen esbad,
forsfil duilli co n-órdath.
44. 'Fil dún ó thossuch dúle
cen áiss, cen foirbthe n-úre,
ní frescam de mbeth anguss,
níntaraill int immorbus.
45. 'Olc líth dolluid ind nathir
cosin n-athir dia chathir,
sáib sí céni i m-bith ché
co m-bu haithbe nad búe.
46. 'Ronort a cróis ocus saint,
trésa n-derbaid a óirchlaind,
ethais corp crín cró péne
ocus bithaittreb rége.
47. 'Is recht úabuir i m-bith ché
cretem dúle, dermat n-Dé,
tróithad n-galar, ocus áiss,
apthu anma tría togáis.
48. 'Ticfa tessarcon úasal
ónd ríg dorearúasat,
recht find fuglóisfe muire,
sech bíd Día, bíd duine.
49. 'In delb hé nofethi-su
rothicfa it' lethe-su
arumthá echtre dia tig
cosin mnái i Linemaig.
50. 'Sech is Moninnán mac Lir
asin charput cruth ind fir,
blíaid dia chlaind densa angair
fer cáin i curp críad gil.
51. 'Conlee Monann maccu Lirn
lúthlige la Cáintigirn,
gérthair dia mac i m-bith gnóu,
adndidma Fíachna mac n-dóu.
52. 'Móithfe sognáiss cach síde,
bíd tretel cach dagthíre,
adfii rúna, rith ecni,
isin bith cen a ecli.
53. 'Biaid i fethol cech míl
itir glasmuir ocus tír,
bíd drauc ré m-buidnib i froiss,
bíd cú allaid cech indroiss.
54. 'Bíd dam co m-bendaib arggait
i mruig i n-agtar carpait,
bíd écne brecc il-lind lán,
bíd rón, bíd ela findbán.
55. 'Bíaid tré bithu síri
cét m-blédne hi findrígi,
silis lergga, lecht imchían,
dercfid rói roth imm rían.
56. 'Bíd imm rígu la fénnid
bíd láth gaile fri aicni,
i n-dindach mroga for aa
fochicher airchend a Íli.
57. 'Art arungén la flaithi,
gébthir fo mac n-imraichni,
sech bíd Moninnán mac Lir
a athir, a fithithir.
58. 'Bíed, bes n-gairit a ree,
cóicait m-blédne i m-bith chee,
oircthi ail dracoin din muir
isind níth i Senlabuir.
59. 'Timgéra dig al-Loch Láu
intan frisseill sidan cráu,
gébtha in drong find fu roth nél
dund nassad, nad etarlén.
60. 'Fossad airsin imraad Bran,
ní chían co tír inna m-ban,
Emne co n-ildath féle
ricfe ré fuiniud gréne.
61. Luidi Bran úd íarum co n-acci in n-insi. Immeraad immecúairt, ocus
slóg már
oc ginig ocus gáirechtaig. Doecitís uili Bran ocus a muintir, ocus ní
antís fria
n-accaldaim. Adaigtís treftecha gáire impu. Fóidis Bran fer dia
muintir isin
n-insi. Reris lia céliu ocus adaiged ginig fóu amal dóini inna hinse
olchene.
Immeraad in n-inis immecúairt. Intan dothéged a fer muintire sech Bran,
adglaitís
a chocéli. Nísnaiccilled san immorru, acht dusnéced nammá ocus adaiged
ginig fóu.
Is ed ainm inna hinse so Inis Subai. Funacabsat and íarum.
62. Ní bu chían íarsin coráncatar tír inna m-ban, co n-accatar braine inna
m-ban
isin phurt. Asbert tóisech inna m-ban: 'Tair ille isa tír, a Brain maic
Febail!
Is fochen do thichtu.' Ní lamir Bran techt isa tir. Dochuirethar in
ben certli
do Braun tar a gnúis cach n-dírech. Focheird Bran a láim for in
certli. Lil in
chertle dia dernainn. Bói snáthe inna certle hil-láim inna mná,
consreng in curach
dochum puirt. Lotir íarum hi tegdais máir. Arránic imde ceche lánamne
and .i. trí
nói n-imd*ae*. In praind dobreth for cech míis nír'irchran dóib.
Ba blédin
donarfás dóib buith and. Ecmaing bátir ilblédni. Nístesbi nach
mlass.
63. Gabais éulchaire fer n-díib .i. Nechtán mac Collbrain. Aitched a
chenél fri
Bran aratíasad leis dochom n-Érenn. Asbert in ben robad aithrech ind fáboll.
Dolotar camm*ae*, ocus asbert in ben arnátuinsed nech díib a tír ocus
arataidlitís
leú in fer fodnácaibset i n-Inis Subai tar éssi a chéli.
64. Dollotar íarum condatornachtatar in dáil i Sruib Brain. Iarmifóchtatar
side
dóib cía dolluide a muir. Asbert in fer: 'Messe,' ar sé, 'Bran
mac Febail.' 'Ní
beram aichni inní sin,' ol a chéle didiu. 'Atá hi senchasaib linni
chene Imram
Brain.'
65. Dochurethar úadib in fer assin churuch. Amal conránic side fri
talmain inna
Hérenn, bá lúaithred fochétóir amal bíd i talmain nobeth tríasna hilchéta
blíedne.
Is and cachain Bran in rand so:
'Do macc Chollbrain ba mór báiss
turcbáil a láme fri áiss,
cen nech dobir toind usci glain
for Nechtán for mac Collbrain.'
66. Adfét íarsin Bran a imthechta uli ó thossuch cotici sin do lucht ind
airechtais,
ocus scríbais inna rundu so tré ogum. Ocus celebrais d'oacuteb íarsin,
ocus ní fessa a
imthechta ónd úair sin.
source: Kuno Meyer, translation The Voyage of Bran,
pub. David Nutt, London 1895.
top

© Shee-Eire: